Measann sí nach bhfuil an saol chomh maith anois agus a bhí, tá barraíocht airgid ag daoine agus mhill sin iad. Bhíodh comharsan iontach maith dona chéile fadó, ach anois tá cuid mhór éad i ndaoine. Dá mbíodh daoine tinn i dteach, shuíodh na comharsan san oíche. Chuidíodh siad le préataí agus a leithéid, bhí na tithe céanna ag na daoine fosta agus ní raibh duine ar bith níos fearr na duine ar bith eile.